Login.

Remember me

Forgot your password?

Login Information.

The Login area is for Redeemer Belfast Contributors.

If you are already a member and would like to contribute to this site please email contribute@redeemercentral.com

Many thanks
Redeemer Central

RSS

Newer   /   Older

Ait a gcruinnímid

Ait a gcruinnímid

Beidh Redeemer Central á sheoladh Domhnach éigin go luath in 2010.

Bímid ag teacht le chéile gach oíche Chéadaoine le haghaidh adhartha agus teagaisc: Lena fháil amach cad é a bhíonn ar siúl againn gach oíche Chéadaoine gliogáil anseo.

7:30pm
Ionad Ceoil Oh Yeah
Sráid Gordon
Béal Feirste

Sna míonna atá romhainn foilseoimid cáipéis ar líne ina bhfuil ár bhfís agus ár straitéis leagtha amach ina n-iomláine. Tá an fhís atá againn agus ár ráiteas misin leagtha amach thíos.
Fís
Críost a bheith lárnach i saol na Cathrach mar go bhfuil an pobal athraithe ó bhun chun feabhais mar thoradh ar mhisean na hEaglaise.

An Misean
Teach pobail a bhunú i lár na cathrach, mar aon le ceithre phobal/theach pobail ar fud Bhéal Feirste (tuaisceart, deisceart, iarthar agus oirthear na cathrach) faoin bhliain 2020.

Teach pobail a bhunú i ngach cathair i dTuaisceart Éireann: Lios na gCearrbhach, Doire, an tIúr, Ard Mhacha.

Teach pobail a bhunú i ngach baile mór i dTuaisceart Éireann a bhfuil daonra de 20,000 duine nó níos mó ann.

Tithe pobail a bhunú sna náisiúin; cósta oirthir Mheiriceá / Ceanada.

Ceannairí a oiliúint agus áiseanna a chur ar fáil dóibh ag gach leibhéal san eaglais.

Áiseanna a chur ar fáil do dhaoine eile i dTuaisceart Éireann le tithe pobail a bhunú.

Creidimid sna nithe seo:
An Tríonóid
An t-aon fhíor-Dhia a mhaireann go síoraí ina thrí phearsa — an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naoimh.

Dia
Grá, grásta agus flaithiúnas Dé, atá le mothú i gcruthú an domhain, ina chothabháil, a rialú, a shlánú agus a bheidh ann nuair a thabharfar breithiúnas air.

Íosa + 0
Is trí Íosa, agus eisean amháin, a shlánófar sinn. Níl aon bhealach eile ann le teacht slán ó scrios Dé ach amháin tríd an íobairt a rinne Íosa ar an chrois, íobairt atá mar leorghníomh inár gcoireanna, íobairt pheannaideach a rinneadh ar ár son.

Dia:An Duine
Ioncholladh Mhac síoraí Dé, an Tiarna Íosa Críost - a rugadh don mhaighdean Muire; atá iomlán diaga go fírinneach, atá iomlán daonna go fírinneach, ach atá fós féin gan smál.

Na Scrioptúir
Ta inspioráid dhiaga agus ardúdarás ag baint le Scrioptúir an tSean-Tiomna agus an Tiomna Nua, arb ionann iad agus Focal Dé i scríbhinn – tá siad go hiomlán iontaofa ó thaobh creidimh agus iompair de.

An Duine
Tá dínit ag baint leis an duine, an duine baineann agus an duine fireann, atá déanta i ndeilbh Dé le go ngráóidh sé, le go mbeidh sé naofa agus le go dtabharfaidh sé aire don chruthaíocht. Tá an duine truaillithe, áfach, ag a chuid peacaí, rud a tharraingíonn scrios agus breithiúnas Dé air.

An tAiséirí
Aiséirí corpartha Chríost, chéad torthaí ár n-aiséirí féin; a dheascabháil chun an Athar, agus a réimeas agus a idirghabháil mar an t-aon Shlánaitheoir ar an domhan. An chumhacht atá ionainn anois.

Slánú
Fíréanú an pheacaigh trí ghrásta Dé amháin, grásta a bhronntar le creideamh i gCríost.

An Spiorad Naoimh
Ministreacht Dia an Spiorad Naoimh a threoraíonn sinn i dtreo an aithreachais, a aontaíonn sinn le Críost trí bhreith nua, a thugann cumhacht dúinn mar dheisceabail agus a chuireann ar a gcumas a bheith mar fhinnéithe.

An Ríocht anois
Le teacht Íosa Críost, cuireadh tús le Ríocht Dé. Is ann don Ríocht anois, ach fós féin, ní hann go fóill di.

An Eaglais
An Eaglais, corp Chríost go háitiúil agus go huilíoch, sagartacht gach uile chreidmheach – a bhfuil an bheatha tugtha dó ag an Spiorad agus a bhfuil tíolacthaí an Spioraid ann chun Dia a adhradh, an soiscéal a fhógairt, agus chun an ceartas agus an grá a chur chun cinn.

An Misean
Creidimid gur urphost de chuid na Ríochta agus gur sonnfort de chuid Shoiscéal Íosa Críost atá san eaglais.

An Ríocht amach anseo
Filleadh Íosa Críost mar phearsa fheiceálach chun cuspóirí Dé a chomhlíonadh, is Íosa Críost a thógfaidh gach aon duine chun a bhreithiúnais, a thabharfaidh an bheatha shíoraí dó siúd a shlánófar agus daoradh síoraí dó siúd a bheidh caillte, agus a bhunóidh neamh agus an domhan araon as an nua.

Cad chuige a bhfuilimid mar chuid de Newfrontiers?
Is grúpa domhanda eaglaisí é Newfrontiers atá nasctha lena chéile, atá tiomanta chun ceannairí a oiliúint, tithe pobail a bhunú agus dul amach i measc na náisiún. Tá breis agus 600 teach pobail ar fud an domhain cleamhnaithe le Newfrontiers, 200 acu suite anseo sa Ríocht Aontaithe. Is féidir leat níos mó eolais a fháil ar stair Newfrontiers trí cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin atá le fáil anseo.

Tá Redeemer Central mar chuid de Newfrontiers mar:
- gur luachmhar linn an caidreamh, agus go gcreidimid gur féidir linn, mar eaglais, níos mó a bhaint amach in éineacht le heaglaisí eile atá ar aon intinn linn féin ná mar a thiocfadh linn inár n-aonar.
- gur luachmhar linn an chuntasacht agus go gcreidimid, mar eaglais, gur féidir linn an chuntasacht a chothabháil trí chaidreamh le heaglaisí eile agus le ceannairí atá ar aon intinn linn féin.
- gur luachmhar linn daoine agus go gcreidimid go dtig linn, mar eaglais, a bheith níos éifeachtaí inár n-iarrachtaí chun daoine a chumasú, ceannairí a oiliúint agus daoine a chur amach i measc an phobail mhóir más cuid de ghluaiseacht níos fairsinge sinn.


Tags: Christianity, Church, Church planting, CityGroup, communication, Community

Images

Ait a gcruinnímid - Image 1

Caption: lights

Related Articles

Graceocracy - Image
267
This Sunday at Redeemer Central /// This Not That /// - Image
265
Community is not - Image
248
Playing by the rules - Image
245
Gods Proxy Polaroid - Image
242
Super Noodles & Sushi (Happy birthday to us, happy birthday to us….........) - Image
239

Comments

There are no comments for this article yet.

Write Your Comment

Notify me of follow-up comments?